Mar a socraíodh i ndara comhaontú pá na seirbhíse poiblí faoi Ag Coinneáil an Dul
Chun Cinn táthar tar éis Comhlacht Slat Tomhais na Seirbhíse Poiblí a bhunú chun
tabhairt faoi scrúdú bunúsach a dhéanamh ar phá fostaithe sa tseirbhís phoiblí maidir
leis an earnáil phríobháideach.
Uainiúchán agus réimse an scrúdaithe
Déanfaidh Comhlacht Slat Tomhais na Seirbhíse Poiblí scrúdú ar phá agus ar phoist
grád sonraithe sa tseirbhís phoiblí agus soláthróidh sé Tuarascáil ina mbeidh moltaí
faoi rátaí pá i gcás na ngrád sin sa dara leath de 2007. Tá liosta de na gráid
ar leith a mbainfidh an scrúdú seo leo ar fáil ó Oifig an Chomhlachta agus tá sé
ar taispeáint ar shuíomh gréasáin* an Chomhlachta.
Mar a tharla san iniúchadh maidir le slata tomhais a bhí ann cheana idir 2000
agus 2002, is comparáid chomhtháite ar bhonn leathan le poist agus le rátaí pá ar
fud an gheilleagair a bheas san iniúchadh seo. Déanfaidh an Comhlacht scrúdú
ar róil, ar dhualgais agus ar chúraim phost sa tseirbhís phoiblí agus sa chuid eile
den gheilleagar, agus ní hiad na rátaí pá a
ghabhann le poist a bhfuil teidil atá cosúil lena chéile orthu, agus róil a bhfuil
cosúlachtaí fánacha eatarthu, amháin san earnáil phríobháideach a scrúdófar.
Cur chuige
Déanfaidh an Comhlacht anailís agus taighde domhain, uileghabhálach ar leibhéil
phá san earnáil phríobháideach ar an mbonn seo a leanas:
- Leibhéil fhoriomlána pá sa dá earnáil chomh maith le rátaí pá do ghrúpaí ar leith
(mar fhoireann chléireachais/riaracháin agus teicneoirí) agus do ghrúpaí inaitheanta
eile (mar earcaigh gur céimithe iad);
- Gréasán foriomlán rátaí pá san earnáil phríobháideach agus i bhfostaíochtaí ar feadh
réimse cineálacha, méideanna nó earnálacha;
- An chaoi a bhfuil córais luach saothair eagraithe san earnáil phríobháideach.
Ag teacht ar a mholtaí dó caithfidh an Comhlacht aird a thabhairt ar:
- An gá atá ann foireann leis na cáilíochtaí, leis na scileanna agus leis an tsolúbthacht
atá riachtanach chun go gcomhlíonfaidh siad a gcúraim éagsúla a earcú, a choinnéail
agus a spreagadh;
- An gá atá ann le tacaíocht do nuachóiriú leanúnach na seirbhíse poiblí;
- An gá atá ann a chinntiú go mbeidh cothromas idir na fostaithe san earnáil phoiblí
agus san earnáil phríobháideach araon agus,
- An gá atá ann cur le cumas iomaíochta na tíre agus le rathúnas eacnamaíoch seasta.
Tabharfaidh an Comhlacht aird freisin ar na difríochtaí atá idir an tseirbhís phoiblí
agus an earnáil phríobháideach agus idir na grúpaí éagsúla den tseirbhís phoiblí
a thagann faoina réim i dtaca le coinníollacha oibre, eagar oibre, peorcaisí, agus
coinníollacha fostaíochta agus sochair ábhartha eile, ar a n-áirítear seasmhacht
tionachta agus sochair phinsin.
Tá mioneolas faoi théarmaí tagartha Chomhlacht Slat Tomhais na Seirbhíse Poiblí
ar fáil ó Oifig an Chomhlachta agus tá siad ar taispeáint ar shuíomh gréasáin* an
Chomhlachta.
Iarrtar ar dhaoine nó ar eagraíochtaí ar bith ar mian leo aighneachtaí a chur chuig
Comhlacht Slat Tomhais na Seirbhíse Poiblí i dtaca leis an athbhreithniú seo é sin
a dhéanamh i scríbhinn faoi 7 Iúil 2006. Ba chóir tagairt a dhéanamh in aighneachtaí
do ghráid agus/nó do cheisteanna a bhaineann le téarmaí tagartha an Chomhlachta.
Brendan Duffy, Rúnaí,
Comhlacht Slat Tomhais na Seirbhíse Poiblí
Bosca 10552
Teileafón: 01 6045460
Faics: 01 6045716
R-Phost:
info@benchmarking.gov.ie
*Suíomh Gréasáin: www.benchmarking.gov.ie
Tá foireann Chomhlacht Slat Tomhais na Seirbhíse Poiblí lonnaithe go sealadach i
73-79 Sráid an Mhóta Íochtarach, Baile Átha Cliath 2, ach bogfaidh siad go háitreabh
eile i Sráid Mhór na gCaorach, Baile Átha Cliath 8, go luath. Taispeánfar
an seoladh nua ar shuíomh gréasáin an Chomhlachta amach anseo.